![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1 Lúnasa 1733 Contae na Gaillimhe ![]() |
Bás | 22 Meitheamh 1812 78 bliana d'aois Baile Átha Cliath ![]() |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ceimic |
Gairm | ceimiceoir, eolaí, meitéareolaí, geolaí ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Ceimicí a rugadh i gCloch an Bhaile Mhóir, Contae na Gaillimhe, ab ea Richard Kirwan (1 Lúnasa 1733 – 22 Meitheamh 1812). Chuaigh sé le sagartóireacht ar dtús, ach d'athraigh go luath don cheimic. I Londain (1777-1787) chuidigh sé le bunú na steiréiceimice is na ceimice cainníochtúla. Rinne sé taighde ar fhiníocht cheimiceach, imoibrithe ceimiceacha, agus ceimic iarainn trí thíotraiméadracht. Scríobh sé an chéad saothar cuimsitheach ar an mianreolaíocht sa Bhéarla, Elements of Mineralogy (Uraiceacht na Mianreolaíochta, 1784), An Essay on the Analysis of Mineral Waters (Aiste ar Anailís Uiscí Mianracha, 1799), An Essay on Phlogiston and the Constitution of Acids (Aiste ar Fhlógastón agus Comhdhéanamh Aigéad, 1787), ag cosaint coincheap an fhlógastóin, agus cuid mhaith eile. Rinne sé obair shuntasach ar an meitéareolaíocht trí chlár teochtaí ag domhanleithid idir an meánchiorcal is na Moil a thógáil. Thug sé an mhianreolaíocht isteach den chéad uair in Éirinn.[1]